Job Information Organisation/Company: University of Galway Research Field: Language sciences » Languages Researcher Profile: First Stage Researcher (R1) Positions: Undergraduate
Positions Application Deadline: 3 Dec 2026 - 17:00 (Europe/London) Country: Ireland Type of Contract: Temporary Job Status: Full-time Hours Per Week: 39 Is the job funded through the EU Research Framework Programme?: Not funded by a EU programme Is the Job related to staff position within a Research Infrastructure?: No Offer Description Tá iarratais á lorg ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu le haghaidh post lánaimseartha mar Chúntóir Taighde, ar théarma seasta, i Scoil na Síceolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe. Tá an post seo maoinithe ag an Údarás um Ard-Oideachas agus beidh sé ar fáil ón 1 Eanáir 2027 go an 28 Bealtaine 2027. An Togra: Déanfaidh Ollscoil na Gaillimhe comhordú ar thaighde náisiúnta faoin soláthar reatha cúrsaí Gaeilge san earnáil ardoideachas agus bhreisoideachas, ar an éileamh ar chúrsaí, agus ar na féidearthachtaí agus na dúshláin a bhaineann le cur leis an soláthar amach anseo. Tugtar aitheantas don Ghaeilge i mBunreacht na hÉireann mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit agus dá réir sin tá sé de cheart ag saoránaigh gach cuid dá ngnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge. Tá ról lárnach ag an gcóras oideachais i gcur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre agus ní mór cearta oideachais a áireamh sa gcomhthéacs seo. Baineann tábhacht nach beag leis an soláthar ardoideachais agus breisoideachais lena chinntiú go mbeidh céimithe oilte ar fáil chun freastal ar an éileamh a bheidh ann sna blianta romhainn ar sheirbhísí trí Ghaeilge san earnáil phoiblí ar fud na tíre. Tá an earnáil phoiblí lárnach sa soláthar seirbhísí sin agus chuige sin beifear ag díriú ar fhostaithe san earnáil phoiblí mar chuid den togra taighde seo freisin. Déanfaidh an tuarascáil deiridh don togra seo sonraí ó fhoinsí tánaisteacha a shintéisiú, chomh maith le sonraí ó shuirbhéanna, ó ghrúpaí fócais, agus ó agallaimh le príomhpháirtithe leasmhara. Tuarastal: €34,129 - €44,311 sa bhliain (faoi réir shrianta maoinithe an tionscadail) ar an scála pá do Chúntóir Taighde, pro rata i gcás conarthaí níos giorra agus/nó conarthaí páirtaimseartha. Is é an chéad phointe ar an scála pá an suíomh réamhshocraithe do gach ceapachán nua san earnáil phoiblí. D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh air seo, agus d’fhéadfaí ceapachán a dhéanamh ag pointe níos airde ar an scála pá (faoi réir shrianta maoinithe an tionscadail) sa gcás go nglacfaí le fianaise ar thaithí chomhionann ó bhlianta roimhe sin agus an pointe ar an scála á shocrú ag pointe os cionn an chéad phointe, faoi réir uasleibhéal an scála. (Research Salary Scales - University of Galway) Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 17:00 (Am na hÉireann) ar an 3 Nollaig 2026. Ní fhéadfar iarratais a gheofar tar éis an spriocdháta a bhreithniú. Tá sé beartaithe agallaimh a reáchtáil ar an 18 Nollaig 2026. Tabhair faoi deara go ndéanfar na hagallaimh trí Ghaeilge. Chun tuilleadh eolais agus Foirm Iarratais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin: Poist - Ollscoil na Gaillimhe . Ba cheart iarratais a dhéanamh ar líne. Where to apply Website: https://www.universityofgalway.ie/human-resources/links/012057/ Requirements Research Field: Language sciences » Languages Education Level: Bachelor Degree or equivalent Languages: IRISH Level: Excellent Work Location(s) Number of offers available: 1 Company/Institute: University of Galway Country: Ireland Contact State/Province: Ireland City: Galway Website: https://www.universityofgalway.ie/ Street: University Road Postal Code: H91 TK33 E-Mail: recruit@universityofgalway.ie


